Ráiteas agus fís na scoile
Is bhunscoil, nuabhunaithe lán-Ghaeilge sinn,le h-éiteas ilchreidhmheach,comhoideachais í. Tá muid faoi phátrúnacht an Foras Pátrúnachta. Tá muid suite i mbaile beag álainn i dtuaisceart Contae Átha Cliath, Domhnach Beathach. Is í an fhís atá againn an caighdeán oideachais is airde is féidir a sholáthar i dtimpeallacht shábháilte, chuimsitheach agus leanbh-lárnach. Cuirfidh ár dtimpeallacht fás, forbairt agus foghlaim do pháiste chun cinn trí mheán na Gaeilge. Is í an fhís atá againn mic léinn a bhfuil inniúlacht agus muinín acu an Ghaeilge a fhorbairt, cur chuige iomlánaíoch a fhorbairt i leith na foghlama ar fud réimsí uile-churaclaim agus tacú le meas agus muinín do pháiste trí thimpeallacht nuálaíoch, chomhbhách scoile. An t-am ar fad, ag cothú mothú do pháiste gur saoránach Éireannach, Eorpach agus domhanda é agus freisin, ag cothú meas domhain ar éagsúlacht chultúrtha agus ar fhéiniúlachtaí daoine eile.